|
Post by Admin on Jun 19, 2016 11:13:13 GMT
In this thread, I will try and post many different studied poems' sample answers.
|
|
|
Post by Admin on Jun 19, 2016 15:31:04 GMT
Na Blátha Craige; Dúlra sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán "Na Blátha Craige" le Liam O'Flaithearta i rith mo chúrsa. Is é ábhar an dáin seo ná an Dúlra.
(ii) Is amhlaidh go dtagann an file ar bhláthanna áirithe atá ag fás ar aill in aice na farraige. Síleann an file nach bhfuil an áit seo go deas.
“Áit bhradach, lán le ceo”.
Tá ionadh ar an bhfile gur féidir leis na bláthanna fás ar bhruach na h-aille dá bharr. Dar leis an bhfile nach mbíonn an ghrian ag taitneamh go minic.
“Ní scairteann grian anseo
Ó Luan go Satharn”
Sa dara leath den dán úsáideann an file pearsantú. Freagraíonn na bláthanna an file. Deir siad go bhfuil siad go sona sásta san áit. Ceapann siad go bhfuil láidreacht speisialta ag baint leis an bhfarraige.
“Táimid faoi dhraíocht
Ag ceol na farraige”
Is dán fíor-mhaith é seo a léiríonn an dúlra mar phríomhthéama an dáin seo.
|
|
|
Post by Admin on Jun 19, 2016 15:32:56 GMT
An t-Ózón; Fearg, an timpeallacht agus nádúr sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán “An t-Ózón” le Máire-Áine Nic Ghearailt i rith mo chúrsa. Is é téama an dán seo ná fearg / an timpeallacht / nádúr.
(ii) Sa dán seo, úsáideann an file pearsantú mar tá an ciseal ózóin ag caint i rith an dáin. Deánann an file é seo i stíl díreach simplí.
“Mise an t-ózón”
Níl an ciseal ózóin sásta ar chor ar bith mar dar leis, tá an cine daonna i mbaol. Deánann an ciseal ózóin iarracht daoine a shaoradh / shábháil ó rudaí dainséaracha,
“Chun tusa a shaoradh
Ó iomarca gréine”
Ach dar leis an bhfile / an ciseal ózóin tá an cine daonna ag loit an timpeallacht agus níl daoine sásta aire a thabhairt don domhan agus é an choimeád slán sábháilte. Tugann sé rabhadh agus tá sé soiléir go bhfuil fear air,
“Táim ag rá leat
Aire a thabhairt”
Léiríonn orduithe an ciseal ózóin go bhfuil fearg ar an bhfile agus nach bhfuil sé sásta linn,
“Ná loit rud ar bith”
Ba mhaith leis an bhfile go mbeadh meas ag daoine ar an domhan agus má ghlacfaimid a chomhairle, mairfamid,
“Glac mo chomhairle
Agus mairfidh tú”
Taitníonn an dán seo go mór liom mar tá sé lán de mhothúcháin. Tá sé soiléir go bhfuil fearg ar an bhfile toisc go bhfuil daoine ag loit an timpeallacht agus iarrann sé orainn aire a thabhairt don timpeallacht. Freisin, tá an-suim agam sa tíreolaíocht agus i meitéareolaíocht.
|
|
|
Post by Admin on Jun 19, 2016 15:34:38 GMT
Subh Milis; Fearg sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán “Subh Milis” le Séamus Ó'Néill i rith mo chúrsa. Is é téama an dán seo ná fearg.
(ii) Feictear beagán den fhearg sa dán seo ag tús an dáin nuair a chonaic an file subh milis ar bhaschrann an doras.
"Bhí subh milis ar bhaschrann an doras"
Gan dabht bhí an file ar buile, dúirt sé féin gur éirigh corraí ann.
"Ach mhúch mé an corraí"
Bhí sé feargach mar bhí air an doras a ghlanadh. Ach roimh dheireadh an dán d'imigh an corraí mar thosaigh an file ag smaoineamh faoin todhchaí nuair a bheadh lámha a mhic glan.
Beidh "an baschrann glas"
Beidh an páiste fásta aníos agus imithe as an teach.
Beidh an "lámh bheag ar iarraidh"
Cinnte tá beagán den fhearg sa dán seo.
|
|
|
Post by Admin on Jun 19, 2016 15:39:56 GMT
Mac Eile Ag Imeacht; Grá sa teaghlach sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán 'Mac Eile Ag Imeacht' le Fionnuala Uí Fhlannagáin i rith mo chúrsa. Is é an téama an dán seo ná grá sa teaghlach.
(ii) Gan dabht tá grá ag na tuismitheoirí dá mac. Tá siad croíbhriste go bhfuil a mac ag fágáil. Tá na tuistí ar a mbealach go dtí an t-aerfort lena mac, a bheidh ag eitilt go Meiriceá chun staidéar a dhéanamh ar ríomhtheangacha.
"Cuirfimid chun bóthair arís inniu
Chuig aerfort Bhaile Átha Cliath"
Táimid i lár cúlú eacnamaíochta faoi láthair agus is iomaí duine óg a théann ar imirce chun post a fháil thar lear. Níor mhaith leis na tuismitheoirí a mbrón a thaispeáint don mhac agus mar sin leanfaidh siad orthu ag caint.
"Le mionchomhrá treallach, míloighciúil
Meillfimid an aimsir"
Gan dabht léiríonn sé sin an grá sa teaghlach. Tuigeann na tuismitheoirí go bhfuil sceitimíní áthais ar an mac agus é ar tí saol nua a thosú i Meiriceá. Tuigeann siad go mbeidh seansanna níos fearr aige ansin.
"Pléifimid na buntáistí a bheidh aige thall
Nach mbeadh ar fáil sa bhaile"
Gan dabht tá a lán grá ag na tuismitheoirí dá mac. Is léir go bhfuil siad in ísle bhrí agus an mac ag fágáil ach ní hé an chéád a d'imigh, mar dar leis an teideal tá
"Mac Eile ag Imeacht"
Beidh an mac ag tiomáint chun taithí a fháil ar thiomáint.
"Eisean féin a thiománfaidh an carr"
Feictear an grá láidir atá acu dá mac arís ag deireadh an dáin nuair a fheictear an brón mór atá orthu agus iad ag fágáil an aerfoirt. Níl siad ábalta fiú cupán caife a ól. Níl siad ábalta labhairt.
"Ní bhacfaimid le cupán caife
Siúlfaimid go dtí an carr go mall"
Tugann siad tacaíocht dá chéile. Feictear grá idir na tuismitheoirí
"Agus greim láimhe againn ar a chéile"
Gan dabht tá a lán grá le feiceáil sa dán seo, grá sa teaghlach idir na tuistí agus idir na tuistí agus a mac.
Faraor tá sé in am dóibh glacadh leis an bhfírinne searbh go bhfuil
"Deireadh an tsamhraidh buailte linn
Mac eile ag imeact."
|
|
|
Post by Admin on Oct 4, 2016 18:50:40 GMT
Duilleoga ar an Life; Dán álainn gleoite sample answer
(i) Is dán álainn gleoite é seo. Chuir duilleoga ildaite an Fomhair gliondar chroí ar an bhfile nuair a chonaic sé iad ag imeachet le sruth ar abhainn na Life i gceartlár Bhaile Átha Cliath.
(ii) Ar lá mar seo d’fhéadfá a rá go mbeadh na sráideanna dubh dorcha duairc ach thug ildaiteachas na duilleoga beocht is beatha is bua arís don chathair is don nádúr. Cuireann sé gliondar chroí is áthas ar an bhfile bheith ag féachaint orthu. Sa dara véarsa feictear pictiúir soiléir gléineach anseo de sna duilleoga seo ar na crainn sa samhradh. Arís mothaítear seasamhacht an nadúr ag cothú na beatha anseo. Tá rím deas idir an focal deirneach i líne 2 agus an focal deirneach i líne 4. Tá uaim ann “cuibhreann is coillte”. Chuir na duilleoga seo an file ag smaoineamh. Spreag said é chun dán a chumadh. Ar lá le solas íseal mar atá ann inniu tugann na duilleoga seo ardú meanman dó agus iad cosúil le dóchas agus solas an tsamhraidh ag gluaiseacht trí shráideanna dorcha duairc Bhaile Átha Cliath. Is cumhachtach na seoda iad seo ag “iompar na h-áilleachta” trí shráideanna na cathrach. Is féidir beag beann a dhéanamh díobh agus cintíonn an file nach dtarlódh a léithéid anseo leis an dán tíosach speagúil seo.
|
|
|
Post by Admin on Nov 19, 2016 21:10:51 GMT
Subh Milis; Athair sample answer
(i) Is é an dán a roghnaigh mé ná Subh Milis le Séamas Ó Néíll agus is é an téama a roghnaigh mé ná athair.
(ii) Déanann an dán seo cur síos iontach ar an ngaol atá idir athair agus a mhac agus an grá atá ag an bhfile dá mhac féín.
Tháinig an file abhaile lá amháin agus chonaic sé subh milis ar bhaschrann an dorais. Tháinig fearg air ach ní raibh sé bhfad crosta mar thosaigh sé ag smaoineamh ar an lá a bheadh a mhac imithe amach sa saol mór agus bheadh seisean fágtha ina aonar agus uaigneas air.
"Mar smaoinaigh mé an lá A bheas an baschrann glan"
Léiríonn Séamas Ó Néill an méíd grá atá aige dá mhac. Tuigeann sé go mbeidh ar a mhac an baile a fhágáíl lá amháin agus tá sé sásta ligean dó dul. Tá sé chun taitneamh agus spraoi a bheith aige lena mhac nuair is féidir leis.
"Agus an lámh bheag Ar iarraidh."
Tuigeann sé go bhfuil an saol seo an-ghearr. Níl a mhac ach a iasacht aige agus tá sé chun sult a bhaint as anois nuair atá sé fós aige. Is cuma leis má tá an teach salach nó glan a fhaid is go bhfuil sé féín agus a mhac ag réiteach go maith le chéile.
|
|
|
Post by Admin on Apr 22, 2017 13:42:15 GMT
An Gleann inár Tógadh Mé; Grá sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán “An Gleann inár Tógadh Mé” le Dubhghlas de hÍde i rith mo chúrsa. Is é ábhar an dáin seo ná Grá.
(ii) Rugadh an file sa Gleann. Bhí sé an-sásta sa Ghleann nuair a bhí sé óg. Bhain sé taitneamh as na rudaí a rinne sé ansin,
"Shiúil sé ó áit go háit".
Bhí grá aige don dúlra. Luaigh sé an giorria agus an fia agus sruthán sléibhe. Thaitin an t-uisce fuar úr go mór leis,
"San uisce fíor ba mhór mo dhúil".
Bhí sé sásta sa Ghleann. Bhí grá aige don Ghleann. Ní raibh eagla air roimh aon rud sa Ghleann. Léim a bhád ar bharr na habhann. Cheap sé go raibh sé ábalta breith ar an ngaoth. Cheap sé go raibh dath an óir ar gach rud ina áit dhúchais sa Ghleann,
"sa ghleann inar tógadh mé".
Cheap sé go raibh sé ábalta aon rud a dhéanamh.
|
|
|
Post by Admin on May 5, 2017 17:43:10 GMT
Faoiseamh a Gheobhadsa; Brón, Uaigneas, an Fharraige, Áthas, Faoiseamh, an Dúlra, Grá, Sásamh nó Briseadh Croí sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán ‘Faoiseamh a Gheobhadsa’, a chum Máirtín Ó Díreáin i rith mo chúrsa. Tá an dán seo lán de samplaí don ábhar/téama/mothúchán _____________.(Brón, Uaigneas, an Fharraige, Áthas, Faoiseamh, an Dúlra, Grá, Sásamh, Briseadh Croí)
(ii) Rugadh agus tógadh an Díreánach ar oileán Árainn, ach bhí air an áit a fhágáil chun post a fháil, i nGaillimh ar dtús agus ansin i mBaile Átha Cliath. B’fhuath leis an chathair i gcónaí, agus caoineann sé a chruachás féin sa dán seo.
Ní raibh rogha aige mar ní raibh aon post le fáil ar Árainn, ach b’fhuath leis Baile Átha Cliath. B’fhearr leis i bhfad saol na tuaithe, ach, ar an drochuair, bhí sé i ngéibheann sa chathair. Anois áfach, tá cúpla lá saor aige agus tá sé chun iad a chaitheamh sa bhaile. Ligfidh sé a scíth, agus bainfidh sé antaitneamh as a bheith sa bhaile i measc a mhuintir.
‘Ag siúl cois cladaigh Maidin is tráthnóna Ó Luan go Satharn’
Is aoibhinn leis an t-oileán agus an áilleacht nádúrtha. Nuair a bhíonn sé sa bhaile tá áthas air agus tá sé ar a shuaimhneas.
‘Faoiseamh a Gheobhadsa Seal beag gairid I measc mo dhaoine Ar oileán mara,’
Tá codarsnacht mór sa dán mar is fuath leis an chathair. Is stráinséar é ann, agus níl clann nó cairde aige ann. Bíonn sé faoi bhrú agus thíos leis i gcónaí sa chathair. Tá sé ag fáil faoiseamh óna shaol brónach sa chathair:-
‘Ó chrá chroí, Ó bhuairt aigne, Ó uaigneas dhuairc, Ó chaint ghontach,’
Feicimid rithim mall brónach anseo chun mothúcháin an fhile a léiriú. Feictear Ó agus Á go rialta sa dara véarsa, agus léiríonn na fuaimeanna seo brón agus uaigneas an fhile agus é sa chathair.
|
|
|
Post by Admin on May 7, 2017 18:24:51 GMT
Teilifís; Grá, Samhlaíocht, Páiste Óg nó Clann sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán ‘Teilifís’ le Gabriel Rosenstock. Is dán dea-scríofa é a bhaineann le grá/samhlaíocht/ páiste óg/ clann
(ii) Sa dán seo, feicimid fear ina chodladh oíche amháin. Dúisíonn a iníon beag é i lár na hoíche agus ní mó ná sásta a bhí sé faoi.
‘ar a cúig a chlog ar maidin theastaigh an teilifís uaithi’
Ach cé nach bhfuil sé sásta a bheith éirithe chomh luath ar maidin, cad is féidir leis a dhéanamh?
‘an féidir argóint le beainín dhá bhliain go leith?’
Chuaigh siad síos go dtí an seomra suí agus chuir sé an teilifís ar siúl di. Gan dabht, ní raibh aon rud ar siúl i lár na hoíche agus bhí an file an-sásta mar bheadh orthu dul ar ais chun na leapa.
‘stánamar le hiontas ar an scáileán bán’
Ach ní raibh an iníon sásta leis seo. Bhain an cailín óg úsáid as a samhlaíocht agus chonaic sí ainmhithe ar an scáileáin ‘tríd an sneachta’.
Bhí iontas ar an athair mar ní raibh seisean ábalta an ulchabhán nó an sioraf a fheiscint.
D’fhan an t-athair léi fad is a d’fhéach sí ar na rudaí iontach seo nach raibh ann. Is léir ón méid seo go raibh grá ag an athair dá iníon. Is fíor go mbaineann an dán seo le grá/samhlaíocht/ páiste óg/ clann
|
|
|
Post by Admin on May 12, 2017 17:00:59 GMT
An Gadaí; Áthas/Grá/Sonas/Cineáltas sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an ngearrscéal Gaeilge ‘An Gadaí’ le Pádraig Mac Piarais. Is scéal dea-scríofa é seo a bhaineann le háthas/grá/sonas/cineáltas
(ii) Buachaill óg ab ea Antaine. Bhí a dheirfiúr Eibhlín breoite sa bhaile le tamall anuas. Lá amháin, nuair a bhí sé ag dul abhaile tar éis scoile thug sé bábóg faoi deara i ngáirdín an mháistir scoile fad is a bhí sé ag coimeád súil amach dó dá chairde. Thosaigh sé ag smaoineamh ar a dheirfiúr beag. Bhí grá mór aige di. Cheap sé go dtiocfadh biseach uirthi dá mbeadh bábóg aici. Ghoid sé an bhábóg di. Ba le hiníon an mháistir scoile í.
Thug sé an bhábóg d’Eibhlín agus bhí áthas an domhain uirthi. Tháinig biseach ar Eibhlín de réir a chéile agus bhí áthas ar Antaine gur ghoid sé an bhábóg. Tháinig Neans, iníon an mháistir scoile ar cuairt lá amháin. Ghabh Eibhlín buíochas le Neans as an mbábóg a thabhairt di. Níor sceith Neans ar Antaine nuair a fuair sí amach gur ghoid sé an bhábóg. Dúirt sí go raibh teach bábóige aici agus go dtabharfadh sí d’Eibhlín é. Bhí áthas an domhain ar Eibhlín.
Is léir ó na samplaí thuasluaite go bhfuil áthas/grá/sonas/cineáltas mar théama sa scéal seo.
|
|
|
Post by Admin on May 20, 2017 10:24:46 GMT
An Reoiteog Mharfach; Bás/timpiste/tragóid uafásach/leis an óige sample answer
(i) Rinne mé staidéar ar an dán Reoiteog Mharfach le Déaglán Collinge. Is dán dea scríofa é a bhaineann le bás/timpiste/tragóid uafásach/leis an óige.
(ii) Baineann an dán seo le buachaill óg a fuair bás go tragóideach. Cheannaigh sé uachtar reoite ó veain ar thaobh an bhóthair. Tar éis sin, rith sé amach ó chúl an veain agus tháinig carr ar luas lasrach. Bhuail sé é.
“Faoi rothaí cairr i mbarr a luais
Gur thit mar bhabóg éadaigh”
Chuaigh sé go dtí an t-ospidéal , ach ba shnámh in aghaidh easa é mar bhí sé marbh
Bhí a mháthair in umar na haimléise. Bhí sí ag caoineadh in ard a cinn is a gutha. Máthair grámhar a bhí inti. Bhí sí cráite, croí bhriste.
“Do mháthair bán i do dhiaidh”.
Chuaigh an eachtra isteach go mór ar an bhfile. Ghoill sé go mór air.
“Báine a mhair i mo chuimhne
De do chónra bheag sa dúpholl”
Tríd is tríd, baineann an dán seo le tragóid uafásach. Is léir ó na samplaí thuasluaite go bhfuil brón le feiceáil sa dán seo.
|
|
|
Post by WayRoats on Mar 28, 2022 23:28:29 GMT
<a href=https://proxyspace.seo-hunter.com>мобильные прокси дешево бесплатно 2 часа info</a>
|
|
|
Post by WayRoats on Mar 28, 2022 23:31:06 GMT
<a href=https://proxyspace.seo-hunter.com>мобильные прокси дешево бесплатно 2 часа info</a>
|
|
|
Post by WayRoats on Mar 28, 2022 23:31:46 GMT
<a href=https://proxyspace.seo-hunter.com>мобильные прокси дешево бесплатно 2 часа info</a>
|
|
|
Post by Thomacele on Mar 29, 2022 7:29:44 GMT
<a href=https://proxyspace.seo-hunter.com/mobile-proxies/sankt-peterburg/>мобильные прокси трафик в Санкт-Петербурге</a>
|
|
|
Post by Thomacele on Mar 29, 2022 7:31:05 GMT
<a href=https://proxyspace.seo-hunter.com/mobile-proxies/sankt-peterburg/>мобильные прокси трафик в Санкт-Петербурге</a>
|
|
|
Post by Thomacele on Mar 29, 2022 7:32:19 GMT
<a href=https://proxyspace.seo-hunter.com/mobile-proxies/sankt-peterburg/>мобильные прокси трафик в Санкт-Петербурге</a>
|
|